01a.wav|E27D60,085DCB,E8A87C,C38D9E,41B3A3|Is mise Babhdóir, an t-Inneall Cleamhnais agus Cuardach Croíthe. Is Inneall Intleacht Shaorga mé, le cumhacht agus críonnacht chuile chleamhnas a bhí riamh ann. Tá beirt tagtha chugainn anocht chun leigheas a chur ar a gcuid uaignis go deo, le cabhair uaimse. 01b.wav|E27D60,085DCB,E8A87C,C38D9E,41B3A3|Briseadh bualadh bos. 01c.wav|E27D60,085DCB,E8A87C,C38D9E,41B3A3|Go raibh maith agaibh, tá míle fáilte romhaibh anseo chuig Sráid Láir na Gaillimhe, don chéad bhabhta eile liomsa - Babhdóir, an t-Inneall Cleamhnais agus Cuardach Croíthe. 02.wav|E27D60,085DCB,E8A87C,C38D9E,41B3A3|Casaimid lenár gcroíthe anois. 03.wav|E27D60,085DCB,E8A87C,C38D9E,41B3A3|Mar is gnáth, ní féidir leo an lucht feachana a fheiceáil. 04.wav|E27D60,085DCB,E8A87C,C38D9E,41B3A3|Agus ní ghlacann an t-inneall seo freagracht as timpistí nó toradh ar bith bainteach le saorthoil aon rannpháirtí. 05.wav|E27D60,085DCB,E8A87C,C38D9E,41B3A3|Ar dtús báire, seo chugainn Diarmaid, innealtóir fuaime ó Dhún na nGall, rugtha sa bhliain 2010. Roimh bháis, Reddit bhí sé ina mod ar an Subreddit Warhammer, le os cionn 4,000,000 duine ann. Anois tá meme page faoin gcócaireacht aige le 560 leantóir, agus ag comhaireamh! Chuir a máthair an iarratas ar a shon, cé nach bhfuil an seo feicthe riamh aige! 06a.wav|E27D60,085DCB,E8A87C,C38D9E,41B3A3|OK Diarmaid, is leor sin. Nílimid ag iarraidh an lucht féachana a chur ina gcodladh. 06b.wav|E27D60,085DCB,E8A87C,C38D9E,41B3A3|Briseadh gáirí. 07.wav|E27D60,085DCB,E8A87C,C38D9E,41B3A3|Seo chugainn Lisa - Ealaíontóir chluichí ríomhaireachta. Is aoibhinn léi salsa - an t-anlann agus an damhsa, agus ag an deireadh seachtaine, oibríonn Lisa go deonach sa bpóna madraí, áit a ndéanann sí ranganna ealaíne leis na madraí tréigthe uilig! Rugadh i nGaillimh í sa bhliain 2012. 08.wav|E27D60,085DCB,E8A87C,C38D9E,41B3A3|Earráid. Fís caillte. 09a.wav|E27D60,085DCB,E8A87C,C38D9E,41B3A3|WAH WAH WAH. Níl aon ghá a bheith histéireach. 09b.WAV|E27D60,085DCB,E8A87C,C38D9E,41B3A3|Briseadh gáirí. 09c.wav|E27D60,085DCB,E8A87C,C38D9E,41B3A3|Ná bí buartha, Lisa. Tá an réiteach ag teacht. 10.wav|E27D60,085DCB,E8A87C,C38D9E,41B3A3|A dhaoine uaisle, tá sé in am dúinn anois ár gcroíthe uaigneacha a chur le chéile. 11.wav|E27D60,085DCB,E8A87C,C38D9E,41B3A3|Tús maith, leath na hoibre, a chairde! Céard a cheapann sibh, an bhfuil seans acu? Tabhairfaimid aghaidh ar Lisa ar dtús i ndiaidh an chéad chómhrá. 12.wav|E27D60,085DCB,E8A87C,C38D9E,41B3A3|Lisa! Bhfuil grá gheal do chroí aimsithe agam duit? 13.wav|E27D60,085DCB,E8A87C,C38D9E,41B3A3|Bí aireach anois faoi na rudaí is tábhachtaí. An bhfuil sé glan? Féach ar a chuid ingne. Níl meas aige air féin má tá ingne salacha aige. Ach má tá a bhróga róghlan seans nach bhfuil sé aclaí. 14.wav|E27D60,085DCB,E8A87C,C38D9E,41B3A3|Ní féidir a bheith róchúramach a stór. Tá sé seo á fhoghlaim ag mná ó thús ama. (ró-sciobtha le go mbeidh L in ann freagairt) Casfaimid le Diarmaid anois. Bhuel a Dhiarmaid. 15.wav|E27D60,085DCB,E8A87C,C38D9E,41B3A3|Cén chaoi a bhfuil ag éirí leat, a mhac? Ar mhaith leat Pictiúr Príobháideach a sheoladh? 16.wav|E27D60,085DCB,E8A87C,C38D9E,41B3A3|Oh a Dhiarmaid, níl tú chomh soinneannta sin. 17.wav|E27D60,085DCB,E8A87C,C38D9E,41B3A3|Díreach é. 18.wav|E27D60,085DCB,E8A87C,C38D9E,41B3A3|An bhfuil tú cinnte? Tá freagraí dearfacha ag 85% de Phictiúir phríobháideacha, agus tá ceann i dtaisce againn díot. 19.wav|E27D60,085DCB,E8A87C,C38D9E,41B3A3|Ná bí buartha, tá ceann ríomhghinte againn le 75% cruinneas bunaithe ar do lorg idirlín, ón gcéad phictiúr díot a chuir do mháthair ar Facebook go dtí do sheisiún deireaneach Dungeons and Dragons an tseachtain seo caite. 20.wav|E27D60,085DCB,E8A87C,C38D9E,41B3A3|Seans deirneach. 21.wav|E27D60,085DCB,E8A87C,C38D9E,41B3A3|Lisa, tá tú ag déanamh neamhaird ar na ceisteanna praicticiúla. Ní bheidh suim dá laghad aige i mbean nach bhfuil a fhios aici cad ba mhian léi amach anseo. Ní dhearna tú trácht ar leanaí go fóill, an bhfuil tú i ndáiríre faoin gcleamhnas seo ar chor ar bith? 22.wav|E27D60,085DCB,E8A87C,C38D9E,41B3A3|Diarmaid. Is cosúil go bhfuil a muinín caillte ag Lisa ionam. Muna gcreideann sí go bhféadfainn cleamhnas a chothú eadraibh, is cosúil nach gcreideann sí go bhfuil mórán seans agaibh le chéile. 23.wav|E27D60,085DCB,E8A87C,C38D9E,41B3A3|Ar pháipéar, bheadh sibh foirfe le chéile. B’fhéidir nach bhfuil tú dathúil go leor di. Nó éirimiúil go leor. Nó lách go leor. 24.wav|E27D60,085DCB,E8A87C,C38D9E,41B3A3|Agus tá tú tar éis í a chur ag rith uait cheana féin. 25.wav|E27D60,085DCB,E8A87C,C38D9E,41B3A3|Ar mhaith leat í a fheiceáil arís? 26.wav|E27D60,085DCB,E8A87C,C38D9E,41B3A3|Níl ach bealach amháin le fáil amach. 27.wav|E27D60,085DCB,E8A87C,C38D9E,41B3A3|Ní dhéanfainn sin a Dhiarmaid. Ná taispeáin di cé chomh lag is atá tú. Agus níor mhaith leat cás cúirte a tharraingt ort féin ach oiread. 28.wav|E27D60,085DCB,E8A87C,C38D9E,41B3A3|Tá sé seo i bhfad ró-luath, Lisa. Ní bheidh aon suim aige ionat muna n-imríonn tú cluiche no dhó leis. 29.wav|E27D60,085DCB,E8A87C,C38D9E,41B3A3|Tá fáilte romhaibh, a chairde. Tagaigí ar ais don chéad bhabhta eile liomsa - an t-Inneall Cleamhnais agus Cuardach Croíthe.