01a Is mise Babhdóir.mp3|E27D60,085DCB,E8A87C,C38D9E,41B3A3|Is mise Babhdóir, an t-Inneall Cleamhnais agus Cuardach Croíthe. Is Inneall Intleacht Shaorga mé, le cumhacht agus críonnacht chuile cleamhnais a bhí riamh ann. Tá beirt tagtha chugainn anocht chun leigheas a chuir ar a gcuid uaigneas go deo, le cabhair uaimse. 01b Briseadh Bualadh Bos.mp3|E27D60,085DCB,E8A87C,C38D9E,41B3A3|Briseadh bualadh bos. 01c Go raibh maith agaibh.mp3|E27D60,085DCB,E8A87C,C38D9E,41B3A3|Go raibh maith agaibh, tá míle fáilte romhaibh anseo chuig Sráid Láir na Gaillimhe, don chéad babhta eile liomsa - an tInneall Cleamhnais agus Cuardach Croíthe. 02 Casaimid lenár.mp3|E27D60,085DCB,E8A87C,C38D9E,41B3A3|Casaimid lenár gcroíthe anois. 03 Mar is gnáth.mp3|E27D60,085DCB,E8A87C,C38D9E,41B3A3|Mar is gnáth, níl a fhios acu go bhfuil lucht féachana acu. 04 Agus ní ghlacann.mp3|E27D60,085DCB,E8A87C,C38D9E,41B3A3|Agus ní ghlacann an inneall seo freagracht as timpistí nó toradh ar bith bainteach le saorthoil aon rannpháirtí. 05 Ar dtús báire.mp3|E27D60,085DCB,E8A87C,C38D9E,41B3A3|Ar dtús báire, seo chugainn Diarmaid, innealtóir fuaime ó Dún na nGall, rugtha sa bhliain 2002. 06a OK Diarmaid is leor sin.mp3|E27D60,085DCB,E8A87C,C38D9E,41B3A3|OK Diarmaid is leor sin. Nílimid ag iarradh an lucht féachana a chur a chodladh. 06b Briseadh gáirí.mp3|E27D60,085DCB,E8A87C,C38D9E,41B3A3|Briseadh gáirí. 06c Ha Ha Ha.mp3|E27D60,085DCB,E8A87C,C38D9E,41B3A3|Ha Ha Ha. 07 Seo chugainn Lísa.mp3|E27D60,085DCB,E8A87C,C38D9E,41B3A3|Seo chugainn Lisa - Ealaíontóir chluichí ríomhaireachta, rugtha i nGaillimh i 2004 08 Earráid. Fís caillte..mp3|E27D60,085DCB,E8A87C,C38D9E,41B3A3|Earráid. Fís caillte. 09a WAH WAH WAH.mp3|E27D60,085DCB,E8A87C,C38D9E,41B3A3|WAH WAH WAH. Níl aon ghá a bheith histéireach. 09b Briseadh gáirí.mp3|E27D60,085DCB,E8A87C,C38D9E,41B3A3|Briseadh gáirí. 09c Ná bí buartha.mp3|E27D60,085DCB,E8A87C,C38D9E,41B3A3|Ná bí buartha, Lisa. Tá an réiteach ag teacht. 10 Tá sé in am dúinn.mp3|E27D60,085DCB,E8A87C,C38D9E,41B3A3|Tá sé in am dúinn ár gcroíthe uaigneacha a chur le chéile anois, a dhaoine uaisle. 11 Tús maith.mp3|E27D60,085DCB,E8A87C,C38D9E,41B3A3|Tús maith, leath na hoibre, a chairde! Céard a cheapann sibh, an bhfuil seans acu? Tabhairfaimid aghaidh ar Lisa ar dtús i ndiadh an chéad cómhrá. 12 Lisa! Bhfuil grá gheal.mp3|E27D60,085DCB,E8A87C,C38D9E,41B3A3|Lisa! Bhfuil grá gheal do chroí aimsithe agam duit? 13 Bí aireach anois.mp3|E27D60,085DCB,E8A87C,C38D9E,41B3A3|Bí aireach anois faoi na rudaí is tábhachtaí. An bhfuil sé glan? Féach ar a chuid ingne. Níl meas aige air féin má tá ingne salacha aige. Ach má tá a bhróga ró-ghlan seans nach bhfuil sé aclaíoch. 14 Ní féidir a bheith.mp3|E27D60,085DCB,E8A87C,C38D9E,41B3A3|Ní féidir a bheith ró-chúramach a stór. Tá sé seo á fhoghlaim ag mná ó thús ama. Casfaimid le Diarmaid anois. Bhuel a Dhiarmaid. 15 Cén chaoi a bhfuil ag eirí leat.mp3|E27D60,085DCB,E8A87C,C38D9E,41B3A3|Cén chaoi a bhfuil ag eirí leat, a mhac? Ar mhaith leat Pictiúir Príobháideach a sheoladh? 16 Oh a Dhiarmaid.mp3|E27D60,085DCB,E8A87C,C38D9E,41B3A3|Oh a Dhiarmaid, níl tú chomh soinneannta sin. 17 Díreach é.mp3|E27D60,085DCB,E8A87C,C38D9E,41B3A3|Díreach é. 18 An bhfuil tú cinnte.mp3|E27D60,085DCB,E8A87C,C38D9E,41B3A3|An bhfuil tú cinnte? Tá freagraí dearfacha ag 85% de Phictiúirí príobháideacha, agus tá ceann i dtaisce againn duit. 19 Ná bí buartha.mp3|E27D60,085DCB,E8A87C,C38D9E,41B3A3|Ná bí buartha, tá ceann ríomhghinte againn le 75% cruinneas bunaithe ar do lorg idirlíne, ón gcéad pictiúir díot a chuir do máthair thuas ar Facebook go dtí do sheisiún deirneach Dungeons and Dragons an tseachtain seo chaite. 20 Seans deirneach.mp3|E27D60,085DCB,E8A87C,C38D9E,41B3A3|Seans deirneach. 21 lisa.mp3|E27D60,085DCB,E8A87C,C38D9E,41B3A3|Lisa, tá tú ag déanamh neamhaird ar na ceisteanna praicticiúla. Ní bheidh suim dá laghad aige i mbean nach bhfuil sé ar intinn aici cad ba mhian léi amach anseo. Ní dhearna tú trácht ar leanaí go fóill, an bhfuil tú dáríre faoin chleamhnas seo ar chor ar bith? 22 Diarmaid. Is cosúil go bhfuil a muinín.mp3|E27D60,085DCB,E8A87C,C38D9E,41B3A3|Diarmaid. Is cosúil go bhfuil a muinín caillte ag Lisa ionam. Muna gcreideann sí go bhféadfainn cleamhnas a chothú eadraibh, is cosúil nach gcreideann sí go bhfuil mórán seans agaibh le chéile. 23 Ar pháipéar, bheadh sibh foirfe le chéile.mp3|E27D60,085DCB,E8A87C,C38D9E,41B3A3|Ar pháipéar, bheadh sibh foirfe le chéile. B’fhéidir nach bhfuil tú dathúil go leor di. Nó eirimiúil go leor. Nó lách go leor. 24 Agus tá tú tar éis í a chur ag rith.mp3|E27D60,085DCB,E8A87C,C38D9E,41B3A3|Agus tá tú tar éis í a chur ag rith uait cheana féin. 25 Ar mhaith leat í a fheiceáil arís.mp3|E27D60,085DCB,E8A87C,C38D9E,41B3A3|Ar mhaith leat í a fheiceáil arís? 26 Níl ach bealach amháin.mp3|E27D60,085DCB,E8A87C,C38D9E,41B3A3|Níl ach bealach amháin le fáil amach. 27 Ní dhéanfainn sin a Dhiarmaid.mp3|E27D60,085DCB,E8A87C,C38D9E,41B3A3|Ní dhéanfainn sin a Dhiarmaid. Ná taispeáin di cé chomh lag is atá tú. Agus níor mhaith leat cás cúirte a tharraingt ort féin ach oiread. 28 Tá sé seo i bhfad.mp3|E27D60,085DCB,E8A87C,C38D9E,41B3A3|Tá sé seo i bhfad ró-luath, Lisa. Ní bheidh aon suim aige muna imríonn tú cluiche no dhó leis. 29 Tá fáilte romhaibh.mp3|E27D60,085DCB,E8A87C,C38D9E,41B3A3|Tá fáilte romhaibh, a chairde. Tagaigí ar ais don chéad babhta eile liomsa - an tInneall Cleamhnais agus Cuardach Croíthe.